An bhfuil bosca Saorview Connect agat?

Táimid anseo chun cuidiú leat.

Físeáin Treorach

Treoracha simplí chun ceangal le Saorview.

How to Saorview

How to find the best shows

How to search for shows

A tour of your Saorview remote

How to set up Saorview Connect

FAQs

Freagraí tapa ar do cheisteanna.

Tá do bhosca Saorview Connect in ann Béarla agus Gaeilge (nuair atá ar fáil) a thaispeáint. Chun do rogha teanga a athrú téigh chuig Socruithe agus ansin roghnaigh Teanga & Inrochtaineacht.

Féach ar na ceangail aeróige, líonra, satailíte agus HDMI ar dtús.  Mura réitíonn sin an scéal, tarraing amach an soláthar cumhachta agus sáigh isteach arís é.   Mura n-oibríonn sin, de ghnáth is féidir an tseirbhís a chur ag obair mar is gnáth ach filleadh ar na bunshocruithe.  Brúigh Baile ar do chianrialtán agus ansin roghnaigh Socruithe > Socruithe Córais > Fill ar na Bunshocruithe. Tabharfar dhá rogha duit:

  • Taisce a ghlanadh, socruithe a choinneáil – ligeann seo do bhosca athshocrú ach cainéil atá tiúnáilte agus socruithe eile a choinneáil.
  • Filleadh ar na Bunshocruithe – glanann sin na socruithe ar fad ina measc cainéil atá stóráilte, cainéil atá réamhordaithe agus socrú ID Saorview.  Seo é an rogha deiridh mura n-oibreoidh do bhosca mar ba cheart.

Cinntigh nach bhfuil an fhuaim íslithe ar an do bhosca Saorview Connect.   Má tá do chianrialtán socraithe le do theilifís a rialú, féadfaidh tú na socruithe fuaime bosca a athrú leis na cnaipí ar an gclúdach bairr.   Féach freisin nach bhfuil an fheidhm MÚCHTA brúite.

Beidh. Táimid ag obair ar a thuilleadh feidhmchlár a chur ar fáil faoin roghchlár Ar Éileamh. Tá feidhmchláir ar fáil freisin ar leathanach an déantóra ar féidir teacht orthu ón scáileán Baile.

Iarr ar do mhiondíoltóir leictreach cábla cuibhithe a chur ar fáil.   Is féidir teacht ar cháblaí d’aschur analóige go Teilifís a bhfuil ionchuir RCA ann nó ionchur SCART de réir mar is gá.   Tabhair ar aird, mura bhfuil ach soicéad aeróige i do theilifís níl sí feiliúnach do Saorview Connect.   Glaoigh ar fhoireann Saorview ag an uimhir 1890-222 012 chun cúnamh a fháil chun teilifíseáin éagsúla a cheangal.

D’fhéadfadh ó am go chéile go dtiocfadh ‘gan sonraí’ aníos san eolas clár maidir le roinnt de na cainéil satailíte saor go haer.  Is gnáthrud é seo.   Déantar eolas cláir a nuashonrú nuair a roghnaítear cainéal.

Féach an bhfuil na cadhnraí istigh ceart.   Má tá an cadhnraí caite, ní bheifear ábalta brath ar an gcianrialtán agus stopfadh sé ag obair.   Lasann an solas déag LED ar bharr an chianrialtáin nuair a bhíonn sé ag obair mar is ceart.

D’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall beag ar do bhosca dúiseacht.  Chun dlús a chur faoi féadfaidh tú an socrú fuireachais a athrú ó shábháil cumhachta (an réamhshocrú) go dtí fuireachas gníomhach (a ídíonn leictreachas breise). Chun socruithe fuireachais a athrú roghnaigh Socruithe ón roghchlár Baile, Socruithe Córais ina dhiaidh sin agus Sábháil Cumhachta ansin.

Féach an bhfuil do bhosca Saorview Connect ceangailte leis an idirlíon.  Chun sin a dhéanamh téigh chuig Socruithe agus ansin roghnaigh Ceangal Idirlín.

Féach an bhfuil an cábla Ethernet ceangailte do do bhosca Saorview Connect agus do ródaire leathanbhanda.   Má tá tú ag úsáid Wi-Fi, cas as an ródaire agus cas air arís é.

Bain amach an pluga ar feadh nóiméad amháin sula sánn tú isteach arís é. Féach an bhfuil na nuashonraithe is déanaí bogearraí i Socruithe an Chórais sa roghchlár Socruithe.

D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an fhuaim agus an pictiúr ag teacht le chéile sa chás go mbeadh an bosca ceangailte le barra fuaime nó córas seachtrach fuaime eile.  Téigh chuig Socruithe, roghnaigh Pictiúr & Fuaim agus athraigh an mhoill atá sa bheolbheachtú chun an fhadhb a réiteach.

Ón scáileán baile roghnaigh na Socruithe agus téigh chuig Pictiúr & Fuaim.   Athraigh an cóimheas treoíochta go dtí cóimheas a fheileann do Theilifís.

Féach ar d’aeróg agus na ceangail ar fad.   Glaoigh orainn ag 1890-222 012 chun comhairle a fháil.

Féach an bhfuil do bhosca Saorview Connect ceangailte le do theilifís le cábla HDMI agus ceangailte le d’aeróg teilifíse.   Cinntigh gurb é an t-ionchur ceart ar do theilifís atá roghnaithe.

Ní féidir.   Ní féidir cainéil Saorview agus an tseirbhís Saorview Connect a fháil ach trí d’aeróg in éineacht le leathanbhanda.   D’fhéadfadh go mbeadh teacht agat ar chainéil bhreise satailíte nuair a cheanglódh tú do bhosca Saorview Connect le mias satailíte.

Má bhí tú ag fáil cainéil Saorview  agus cainéil satailíte le bosca a bhí agat roimhe seo féadfaidh tú an bosca Saorview Connect a chur in áit an bhosca Saorview atá agat.   Cuimhnigh go dteastóidh ceangal leathanbhanda uait chun teacht a bheith agat ar an tseirbhís ar fad.

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as Saorview Connect, ní mór duit do bhosca Saorview Connect a cheangal leis an Idirlíon.  An bealach is fearr chun sin a dhéanamh ná do bhosca a cheangal le ródaire an leathanbhanda líne-seasta, ag baint úsáid as an gcábla Ethernet a tháinig le do bhosca.  Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú ceangal via Wi-Fi le líonra Wi-Fi atá cosanta ag pasfhocal.  Má cheanglaíonn tú le seirbhís leathanbhanda shoghluaiste, d’fhéadfadh an tseirbhís a bheith ag teacht agus ag imeacht. Tá sé molta mar sin ceangal le seirbhís leathanbhanda líne seasta.

Iarrfar ort ceangal tráth a mbeidh do bhosca á shuiteáil.  Féadfaidh tú an ceangal a athrú am ar bith trí dul go dtí Socruithe (ón scáileán baile) agus Ceangal Idirlín a roghnú.  Taispeántar sa  Treoir Tapa agus sa Lámhleabhar Úsáideora conas an bosca a cheangal leis an Idirlíon (tá an péire le fáil faoi Downloads ar an leathanach seo).   Nó is féidir féachaint ar fhíseán a thaispeánann le do bhosca a shuiteáil (ar an leathanach seo freisin).

Minimum 2Mbps broadband speed required.

Chun teacht ar ghnéithe ar fad na seirbhíse, caithfidh tú do bhosca nua Saorview Connect a cheangal leis an leathanbhanda.  Molaimid duit ceangal le líne seasta leathanbhanda chun an tairbhe is fearr a bhaint aisti.  Molaimid úsáid a bhaint as cábla Ethernet chun an bosca a cheangal do do ródaire leathanbhanda nó is féidir ceangal ach úsáid a bhaint as líonra Wi-Fi atá cosanta ag pasfhocal.  Má cheanglaíonn tú le seirbhís leathanbhanda shoghluaiste, d’fhéadfadh an tseirbhís a bheith ag teacht agus ag imeacht.

Minimum 2Mbps broadband speed required.

Má tá bosca Saorview nó bosca Saorview combi agat cheana féin, tá an suiteáil éasca go maith. Más é seo an chéad uair Saorview agat, mholadh muid duit ceist a chur ar mhiondíoltóir áitiúil nó suiteálaí an suiteáil a dhéanamh duit.

Cinnte. Níl ann ach an sean-bhosca Saorview a bhabhtáil leis an mbosca nua Saorview Connect, ag úsáid na teoracha sa Teoir Tapa nó Lámhleabhar Úsaideora (le fáil faoi Downloads ar an leathanach seo). Cuideoidh na leideanna ar an scáileán leat an suiteáil a chríochnú.

Teastaíonn aeróg agus ceangal leathanbhanda uait chun teacht ar Saorview Connect. Molann muid aeróg dín a úsáid arna suiteáil ag lucht suiteála gairmiúil.

D'fhéadfaí aeróg san áiléar a úsáid in áiteanna ar leith agus d'fhéadfaí aeróg bosca bairr a úsáid i gcásanna áirithe freisin. Miondíoltóir nó lucht suiteála aeróige áitiúil is fearr chun comhairle a chur ort maidir leis an gcomhartha áitiúil.

Níl an teicneolaíocht ag do bhosca Saorview ná ag do theilifís chun teacht ar Saorview Connect. Beidh ort bosca nua Saorview Connect a cheannach chun teacht ar an tseirbhís, agus é seo a cheangal leis an teilifís atá agat. Tabharfaidh do mhiondíoltóir leicreach áitiúil, nó suiteálaí teilifíse, tuilleadh eolais duit.

Modúl Cabhrach

FAQ

Féach ar na Ceisteanna Coitianta agus ar ár bhFíseáin Treorach áisiúla.

Chat

Tá ár bhfoireann cuidithe bheo ar fáil ó 9am go dtí 5pm gach lá.

Callss

Glaoigh ar 0818-21-22-21 más fearr leat labhairt le duine den fhoireann.