Faigh Cúnamh

Tá físeáin faoi mhodhanna simplí oibre, cúnamh beo agus foireann iontach ag an ionad glaonna ar fáil agus muid ullamh chun gach dícheall a dhéanamh do chuid ceisteanna faoi Saorview a fhreagairt.

Cad leis a bhfuil cabhair uait?

An bhfuil bosca Saorview Connect agat? Féach ar an Rannóg Cúnaimh le haghaidh Connect

Físeáin Treorach

Treoracha simplí chun ceangal le Saorview.

Have Saorview and need to scan for channels? Here's how.

Have Saorview combi and need to scan for channels? Here's how.

FAQs

Freagraí tapa ar do cheisteanna.

Níl aip fón póca Saorview ar fáil a thuilleadh ar Google Play ná ar an App Store. Is féidir eolas faoi Spotlight agus Eolaire Saorview a fháil ar ár láithreán gréasáin ag Spotsolas

Cuireadh dhá chainéal nua le seirbhís Saorview i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2021.

Tá Sky News le fáil anois ar chainéal 23 ar Saorview agus tá cainéal raidió UCB le fáil ar chainéal 211.

Beidh na cainéil nua seo le fáil ag an gcuid is mó den lucht féachana agus éisteachta sna háiteanna ar cheart dóibh a bheith agus ní bheidh aon chóiriú ag teastáil. Má thugann tú faoi deara nach bhfuil nuashonrú déanta ag do bhosca bairr ar liosta na gcainéal ná bíodh imní ort - ní gá ach athscanadh sciobtha de lámh a dhéanamh ar chainéil Saorview chun a chinntiú go dtagann ainmneacha na gcainéal nua aníos i gceart. Má theastaíonn cúnamh uait na cainéil nua a fháil féach ar ár bhfíseáin athscanta sa chuid cabhrach thuas, nó déan teagmháil linn ar an uimhir 0818-212221, ag an seoladh ríomhphoist [email protected] chun eolas agus comhairle a fháil.

Is féidir léibheann DTT Saorview a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla, agus níl le déanamh ag daoine den lucht féachana ar mhaith leo sásamh a bhaint as tráchtaireacht i nGaeilge ar imeachtaí Spóirt CLG ach na trí chéim seo a leanas a ghlacadh:

Céim 1

Fad is atá tú ag féachaint ar an gcainéal teilifíse - roghnaigh an cnaipe teanga (lang) ar an gCianrialtóir Saorview a tháinig leis an nglacadóir. Trí sin a dhéanamh, tiocfaidh fuinneog nua aníos ar an scáileán - roghnaigh "Audio Language" ansin tríd an gcnaipe OK a aibhsiú agus a bhrú ar an gcianrialtóir.

Céim 2

Trí "OK" a bhrú ar an gcianrialtóir, tiocfaidh bosca aníos ar an scáileán, taispeánfar na teangacha go léir atá ar fáil leis an tseirbhís teilifíse san fhuinneog seo.

Céim 3

Níl le déanamh ag an duine atá ag iarraidh tráchtaireacht i nGaeilge a chasadh air ach dul síos ón rian Béarla go dtí an rian Gaeilge agus "OK" a roghnú ar an gcianrialtóir.

Sin é!

De bharr thírdhreach na hÉireann a bheith chomh héagsúil is atá, tá áiteanna ann nach féidir Saorview a fháil. Tá SAORSAT ar fáil chun seirbhísí teilifíse saor go haer a chur ar fáil via satailít don 2% de líonta tí nach bhfuil ábalta Saorview a fháil. Tá tuilleadh eolais faoi SAORSAT le fáil anseo.

Is iondúil uimhir an mhúnla ar chúl an teilifíseáin, chun tosaigh ar an bhfráma nó (má tá sé coinnithe agat) ar leathanach tosaigh an lámhleabhair.  Bíonn an uimhir ar an lipéad le híochtar an bhosca nó ar chúl an aonaid.

Más dóigh leat gur tharla do mhealladh nó do chur ar mhíthreo maidir le trealamh a cheannach, mar shampla teilifíseán, bosca barr teilifíseáin, aeróg nó mias satailíte, nó le trealamh den chineál sin a shuiteáil, glaoigh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí ar 1890 432 432 nó ar 01 402 5555.

Tá eolas faoin teilifís dhigiteach ullmhaithe go neamhspleách ag an  nGníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí agus tá sin ar fáil acu ar an láithreán gréasáin www.consumerhelp.ie.

Ó am go chéile, déanann 2RN obair chothabhála bhunriachtanach ar an gcóras tarchuradóireachta.  Uaireanta, bíonn Saorview a mhúchadh ó láthair tarchuradóireachta faoi leith i gceist leis sin uaireanta.  Ní hiondúil go leanann sin níos faide ná cúpla uair a chloig.  Bíonn eolas faoi chomharthaí a bheith múchta ar Aertel 169 agus ar an leathanach Nuachta againn.  Sa chás go mbíonn tú gan comhartha níos faide ná sin, agus go bhfuil tú cinnte nach ndearnadh an ceangal leis an aeróg a scaoileadh de thimpiste ná nár tháinig aon fhabht ann, seo bearta  éagsúla is féidir a thriail go furasta:

  • Seiceáil leis an gcianrialaitheoir don teilifíseán go bhfuil an ceangal isteach ceart roghnaithe agat don bhosca Saorview. Má tá bosca barr teilifíseáin agat atá ceangailte leis an teilifíseán le cábla SCART, ní mór duit an ceangal isteach ar a dtugtar AV nó SCART a roghnú. Más le cábla HDMI atá an bosca barr teilifíseáin ceangailte leis an teilifíseán, ní mór duit an ceangal HDMI cuí a roghnú (i.e. HDMI 1, nó HDMI 2 etc.)
  • Díphlugáil an teilifíseán agus an bosca barr teilifíseáin.  Fan tuairim is 30 soicind agus plugáil gach rud isteach arís. Cuir air an teilifíseán ar dtús agus an  bosca barr teilifíseáin ar an dara rud.
  • Tarlaíonn go hannamh go mbíonn gá le hathscanáil chun ligean don bhosca barr teilifíseáin nó don teilifíseán Saorview sonraí a leasú maidir le cainéil nua nó le hathrú minicíochta i ndáil le cainéal faoi leith. Fógraíonn Saorview a leithéid sin roimh ré, ach is fiú athscanáil a thriail ar mhaithe le bheith cinnte an é a bhí de dhíth. (Cuirtear nasc ar fáil)

Is eol do 2RN gur féidir cur isteach a bheith ag aimsir de chineálacha áirithe ar an gcomhartha Saorview ag céatadán beag den lucht féachana. Is féidir leis sin tarlú nuair a bhíonn brú ard atmaisféir ag baint le córas aimsire atá ina stad ar fud na tíre. Ina leithéid sin de chás, is féidir le comharthaí teilifíse taobh amuigh d'Éirinn a theacht isteach dár n-ainneoin agus cur isteach ar na gnáthchomharthaí. Go ginearálta, ní mhaireann sin ar feadh i bhfad, ach is féidir i gcásanna eisceachta go leanfadh sé ar feadh roinnt laethanta.

I mórchuid mhór na gcásanna, ní ghoillfidh aimsir den chineál sin ar chóras Saorview a suiteáladh mar ba chóir.  Moltar, sa chás go mbíonn an deacracht seo agat féin, dul i gcomhairle le dream suiteála cáilithe go háitiúil a chuirfidh comhairle ort faoin tseift is fearr lena réiteach.

Má tá cainéal nó níos mó ná cainéal amháin ar iarraidh ort, d'fhéadfadh nach bhfuil an dá chomhartha craolacháin a chuireann Saorview amach á bhfáil agat. Ina leithéid de chás, moltar duit seirbhís suiteálaí aeróga cáilithe a fháil ionas go ndéantar an córas a sheiceáil agus moltaí chun feabhas a chur air a chur faoi do bhráid. Tá eolas faoi shuiteálaithe aeróga i do cheantar féin ar fáil anseo.

Chun Saorview a fháil, molann 2RN, a tharchuireann na comharthaí Saorview ar fud na tíre, aeróg dín UHF a úsáid arna suiteáil ag lucht suiteála gairmiúil. Lucht suiteála aeróige as an áit is fearr chun comhairle a chur ort maidir leis an gcineál ceart aeróige don áit a bhfuil tú.

D'fhéadfaí aeróg san áiléar a úsáid in áiteanna ar leith agus d'fhéadfaí aeróg bosca bairr a úsáid i gcásanna áirithe freisin. Beidh suiteálaí maith as an áit ar an eolas faoin réiteach is fearr duit ó thaobh aeróige don áit a bhfuil tú agus beidh sé/sí in ann a sheiceáil go bhfuil sí suite i gceart agus go sábháilte.

Ceangail an aeróg agus cáblaí an chóras satailíte leis an mbosca comhcheangail agus ceangail an bosca comhcheangail leis an teilifíseán.   Déan de réir na dtreoracha ar an scáileán nuair a bhíonn an fearas ar fad ceangailte agus curtha ar siúl.  Beidh lucht an tsiopa ónar cheannaigh tú an fearas Saorview nó an té a shuiteálann an córas satailíte duit in ann comhairle agus cúnamh a chur ar fáil faoin gcóras comhcheangail a shuiteáil agus a chur i bhfearas.

Ceangail an aeróg leis an mbosca nua agus ceangail an bosca leis an Teilifíseán le cábla SCART nó cábla HDMI.  Déan de réir na dtreoracha ar an scáileán. Beidh lucht an tsiopa inar cheannaigh tú an bosca in ann cúnamh a thabhairt duit leis sin, agus má tá éiginnteacht ar bith faoin mbealach a gcuirtear Saorview i bhfearas, is féidir glaoch ar líne cabhrach Saorview ar 0818 21 22 21 agus beidh áthas orainn cuidiú leat.

Ceangail an aeróg leis an Teilifíseán atá Saorview-cheadaithe agus déan de réir na dtreoracha ar an scáileán.  Tá leagan amach éagsúil ag gach comhlacht déanta teilifíseán ar an roghchlár a fheicfidh tú agus an teilifíseán á chur i bhfearas agat den chéad uair.  Má tá éiginnteacht ar bith faoi mhodh a dhéanta, beidh lucht an tsiopa inar cheannaigh tú an teilifíseán in ann cúnamh a thabhairt duit nó cuir glaoch orainn ag an uimhir 0818 21 22 21 agus beidh áthas orainn cuidiú leat.

Is gá duit ceadúnas teilifíse a bheith agat.  Ní mór do gach teaghlach, gnólacht nó foras a bhfuil teilifíseán acu, gan bheann ar an tseirbhís teilifíse – saor ó tháille nó le táille – Ceadúnas Teilifíse reatha a bheith acu.  Tá breis eolais faoin gceadúnas teilifíse ar fáil ar shuíomh idirlín An Post.

Meastar go dtéann Saorview chomh fada le beagán le cois leath an daonra i dTuaisceart Éireann mar gheall ar sceitheadh an chomhartha.

Bain úsáid as an deis seiceála maidir le réim ceangail go bhfeictear na réimsí atá i gceist.  Tugtar chun aire nár leagadh an deis cuardaigh maidir le seoladh poist amach i ndáil le Tuaisceart Éireann.  Mura n-aithnítear ainm an cheantair ina bhfuil cónaí ort, cuir isteach ionad mór daonra, mar shampla Belfast, Newry, Derry nó Portrush (agus UK ina ndiaidh) go mbíonn biorán dearg in ionad in aice leat.  Cliceáil ar an mbiorán dearg ansin agus tarraing go dtí an áit a bhfuil tú é.

Mura bhfuil tú i réim Saorview i dTuaisceart Éireann, d'fhéadfadh go bhfuil roinnt de chainéil na hÉireann ar fáil agat ar Freeview.  Chun réim ceangail Freeview a sheiceáil, téigh chuig Digital UK .

Is féidir.  Tá trealamh atá Saorview-cheadaithe, teilifíseán nó bosca, in ann fotheidil a léiriú.  Chun fotheidil a thapú, brúitear an cnaipe “subtitle” nó “sub” ar an deis cianrialaithe. Is iondúil go mbíonn an téacs “SUBTITLE” le feiceáil ar thaobh na láimhe deise in uachtar an scáileáin nuair a bhíonn na fotheidil ar siúl.

Is féidir.  Má fhaigheann tú bosca Saorview Plus, is féidir na sraitheanna is ansa leat a thaifeadadh le Ceangal Sraithe, cláracha beo a stad agus a chur siar agus cainéal amháin a thaifeadadh fad a bhíonn tú ag féachaint ar an dara cainéal.  Féach an leathanach faoi Saorview Plus maidir le heolas breise agus na bearta is gá a dhéanamh.

Nó tá táirgí áirithe atá Saorview-cheadaithe lenar féidir taifeadadh a dhéanamh ar dhiosca crua seachtrach.  Ní Taifeadán Físe Pearsanta (PVR) iomlán atá iontu sin ach is féidir an t-ábhar a bhfuiltear ag féachtaint air a thaifeadadh ag an am céanna.

Tarlaíonn sceitheadh chomharthaí de chuid na Ríochta Aontaithe ó chóras Freeview leis an teorainn agus d'fhéadfadh go mbeadh na comharthaí sin le fáil agat ar an aeróg chomh maith le cainéil Saorview.  Dea-scéala!

Ní féidir.  Ní seirbhís satailíte atá in Saorview agus teastaíonn díchódóir de chineál eile lena aghaidh.  Ní foláir duit bosca a fháil atá Saorview-cheadaithe agus aeróg UHF chun Saorview a fháil.

Má tá síntiús á íoc agat le seirbhís teilifíse le táille, de leithéid Sky nó Virgin Media, tá teacht agat cheana féin ar na cainéil teilifíse atá ar Saorview.  Ina ainneoin sin, is féidir Saorview a úsáid ar theilifíseáin eile sa teach, an ceann sa chistin, sa seomra leapa, i bpluais an fhir nó, má tá oiread den ádh ort, sa teach saoire.

Chun Saorview a chur lena bhfuil agat sa teach, ceangail an aeróg le teilifíseán nó le bosca atá Saorview-cheadaithe – eolas ach cliceáil anseo

Ní gá más teilifíseán atá agat atá Saorview-cheadaithe, mar atá na mílte acu.  Is féidir a sheiceáil má tá an ceann atá agatsa orthu sin anseo (nasc le deis seiceála táirgí).  Mura bhfuil, is féidir an teilifíseán a choinneáil agus bosca atá Saorview-cheadaithe a cheannach chun an teilifíseán a cheangal le haeróg.

Má tá tú ag smaoineamh ar Saorview a fháil, moltar duit gan trealamh a cheannach nach bhfuil Saorview-cheadaithe.  Moltar sin mar gur dócha go dtairgeoidh lucht siopaí nó suiteálaithe trealaimh rogha leathan trealaimh duit agus is é an lógó Saorview Approved an t-aon chinnteacht atá agat go n-oibreoidh an táirge mar is ceart leis an tseirbhís i gcónaí.

Tá caighdeán teicniúil atá aontaithe idir craoltóirí (ar a dtugtar NORDIG) de bhonn faoin lógó Saorview Approved agus leagtar síos íosleibhéal caighdeáin nach mór a shásamh leis an táirge.  Dearbhaítear ar an gcaoi sin go n-oibreoidh an gléas mar is ceart i gcónaí le seirbhísí Saorview faoi láthair agus le seirbhísí nua ar Saorview.  Tugtar san áireamh teilifís ardghléine, fuaim steiréó, teilitéacs digiteach, treoir leictreonach Saorview maidir le cláracha 7 lá agus fotheidil ar an scáileán.

Chomh maith leis sin, cuireann gach glacadóir atá Saorview-cheadaithe uimhreacha leis na cainéil in ord loighciúil de réir mar a chraoltar iad agus fágann sin do chuid cainéal Saorview in ord cóiriúil atá áisiúil agat le húsáid.

Is iondúil nach n-oibríonn táirgí a dhíoltar agus ‘Irish DTT Ready’, ‘Irish Digital Ready' nó ‘Irish MPEG 4’ á lua leo mar ba chóir le Saorview, anois ná san am atá le teacht.  I gcuid mhaith cásanna, bíonn coigeartú leanúnach de dhíth ar na táirgí sin nuair a sheoltar seirbhísí nua, ní thaispeántar teilitéacs digiteach ná ní liostaítear seirbhísí de réir ord ceart na gcainéal sa treoir leictreonach do na cláracha ná de réir uimhreacha na gcainéal.  Anuas air sin, ní bhíonn teacht ar leasú bogearra ar an aer leo, rud is gá ionas go mbíonn Saorview áisiúil agus furasta le húsáid i gcónaí.

Is féidir Saorview a oibriú le seirbhísí satailíte atá saor ar an aer chun teacht a bheith agat ar réimse cainéal níos leithne.  Ní mór bosca comhcheangail nó teilifíseán comhcheangail atá Saorview-cheadaithe agus a bhfuil tiúnóir satailíte ann, ceangailte le haeróg agus le mias satailíte.  Seiceáil an leathanach (nasc) maidir le Saorview combi i ndáil le tuilleadh eolais agus na bearta is gá a dhéanamh.

Modúl Cabhrach

FAQ

Féach ar na Ceisteanna Coitianta agus ar ár bhFíseáin Treorach áisiúla.

Chat

Tá ár bhfoireann cuidithe bheo ar fáil ó 9am go dtí 5pm gach lá.

Callss

Glaoigh ar 0818-21-22-21 más fearr leat labhairt le duine den fhoireann.