Find an Installer

Chun Saorview a fháil, ní mór a bheith ceangailte le haeróg. Tá aeróg cheana féin i gcuid mhór áras cónaithe ach sa chás go dteastaíonn duine le haeróg a shuiteáil, moltar caidreamh a dhéanamh le ceann de na trí eagraíocht lucht gairme ar an liosta thíos.

National Guild of Master Craftsmen

Is é an National Guild of Master Craftsmen an eagraíocht is mó don lucht ceirde oilte agus creidiúnaithe in Éirinn.

nationalguild.ie →
Irish Satellite & Aerial Association

Daoine a shuiteálann trealamh ar bhonn gairme a chuir an cumann seo ar bun a bhfuil de mheon lárnach acu cloí leis na caighdeáin oibre agus iompair ghairmiúil is airde.

isaa.ie →
Confederation of Aerial Industries

Cumann lucht ceirde sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn maidir le comharthaí a ghlacadh agus córas ilmheáin a chur ar fud an tí.

cai.org.uk →

Leideanna maidir le Suiteálaithe

Mar a dhéanfá le seirbhís ar bith, cinntigh gur dream gairmiúil a bhfuil dea-chlú orthu na comhlachtaí nó na daoine a ndéileálann tú leo. Fiafraigh de do chuid cairde agus do chuid gaolta an bhfuil dream a mholfaidís – is fearr i gcónaí oibriú le duine a bhfuil aithne agat orthu.

Tugtar chun aire nach bhfuil a leithid de rud ann agus suiteálaí trealaimh Saorview- cheadaithe. Níl rialáil á déanamh ar cheird suiteála aeróga in Éirinn ag aon ghníomhaireacht stáit. Tugann Saorview aitheantas do na trí chomhlacht clárúcháin thuas a chláraíonn suiteálaithe gairmiúla agus a dhéanann measúnacht orthu sula nglactar leo maidir le ballraíocht.

Níl daoine i dteideal aon lógó acu sin thuas a úsáid ar veain, ar éadach ná ar láithreán gréasáin mura mbíonn ballraíocht acu i gcumann ceirde.

Ní chuirfidh Saorview ná RTÉ duine ag an doras chugat chun an teilifíseán ná an aeróg a sheiceáil, agus níl aon duine coimisiúnaithe ná formheasta acu maidir le díolachán ó dhoras go doras a dhéanamh faoi bhranda Saorview ná faoi bhranda RTÉ.

Ba cheart aon chás ina dtarlaíonn mídhíol ar earraí ná ar sheirbhísí a chur in iúl go díreach don Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí ar Lo-call 1890 432 432.

Tá táirgí iontacha Saorview ag siopaí fud fad na tíre, sna siopaí iad féin agus ar líne. Caith súil ar ár gcuid miondíoltóirí.

Modúl Cabhrach

FAQ

Féach ar na Ceisteanna Coitianta agus ar ár bhFíseáin Treorach áisiúla.

Chat

Tá ár bhfoireann cuidithe bheo ar fáil ó 9am go dtí 5pm gach lá.

Callss

Glaoigh ar 0818-21-22-21 más fearr leat labhairt le duine den fhoireann.