Faigh Cúnamh

Tá físeáin faoi mhodhanna simplí oibre, cúnamh beo agus foireann iontach ag an ionad glaonna ar fáil agus muid ullamh chun gach dícheall a dhéanamh do chuid ceisteanna faoi Saorview a fhreagairt.

Cad leis a bhfuil cabhair uait?
FAQs

Your questions answered quickly.

Déan teagmháil linn le do thoil agus beimid sásta cúnamh a thabhairt duit.   Féadfaidh tú glaoch ar ár bhfoireann comhairleoirí, atá an-chairdiúil, ag an uimhir 0818 21 22 21 nó ríomhphost a sheoladh chugainn [email protected].

Féadfaidh tú ach ní mór duit aip an tseinnteora cuí a bheith suiteáilte ar do ghaireas.   Cliceáil ar an gceann a dteastaíonn uait féachaint air ón rannóg Ar Éileamh in aip Saorview.   Má tá aip an tseinnteora suiteáilte cheana féin agat, osclóidh sé go huathoibríoch, mura bhfuil fiafrófar díot an mian leat í a íoslódáil.

Chun filleadh ar an scáileán baile, buail an saighead atá sa choirnéal i mbarr ar chlé.

Níl a fhios agat céard air a mbreathnóidh tú?  Spotsolas an áit is fearr chun teacht ar na cláir is fearr ar an teilifís.  Gach lá, molfaidh ár bhfoireann léirmheastóirí roinnt clár as na cláir atá le craoladh ar chainéil Saorview.  Féadfaidh tú iad a rangú ansin de réir na gcatagóirí seo a leanas - Faisnéis, Drámaíocht & Sobaldrámaí, Siamsaíocht & Scannáin.

Tá an rogha is fearr de na cláir atá le craoladh sna laethanta amach romhainn curtha i dtoll a chéile i Spotsolas, na cláir is fearr ar an teilifís in aghaidh an lae dar linneTá treoir iomlán le fáil do gach cainéal ar leith ach bualadh ar íocón an fhéilire sa Treoir agus dáta ar leith a roghnú agus lógó an chainéil ina dhiaidh sin.

Tá cláir iontacha ar fáil in Clár Reatha & Ina Dhiaidh seo nó svaidhpeáil ar chlé chun féachaint ar cad a bheidh air níos déanaí inniu nó atá ag teacht go luath.   Buail íocón an fhéilire chun dul chuig lá eile.  Buail ar chlár chun tuilleadh eolais a fháil faoi. Féadfaidh tú meabhrúchán a shocrú ach an cnaipe ‘Socraigh Meabhrúchán’ a roghnú.  Gheobhaidh tú fógra 15 nóiméad sula dtosóidh an clár.

Más Gaeilge an teanga atá roghnaithe ar do fón póca nó táibléid, beidh an aip Saorview le feiceáil i nGaeilge, nuair atá Gaeilge ar fáil.  Mura bhfuil Gaeilge ar fáil, beidh an leagan Béarla ar fáil.

Chun aip Saorview a úsáid, ní theastaíonn uait ach iPhone, iPad nó iPod touch de chuid Apple a bhfuil iOS 9.0 air nó iOS níos déanaí nó gaireas Android a bhfuil Android 4.1 (Jelly Bean) nó OS níos déanaí air.

Modúl Cabhrach

FAQ

Féach ar na Ceisteanna Coitianta agus ar ár bhFíseáin Treorach áisiúla.

Chat

Tá ár bhfoireann cuidithe bheo ar fáil ó 9am go dtí 5pm gach lá.

Callss

Glaoigh ar 0818-21-22-21 más fearr leat labhairt le duine den fhoireann.